Eolas Treoir don úsáideoir

Torthaí an chuardaigh a ionramháil

Tar éis duit cuardach a dhéanamh, tiocfaidh tú chuig leathanach torthaí cuardaigh. Tá dhá leagan den leathanach seo ar fáil: Abairtí agus Comhchordacht. Is féidir malartú idir an dá leagan agus is ionann iad ó thaobh inneachair de: níl de dhifríocht eatarthu ach leagan amach na sonraí ar an scáileán.

An leagan amach ‘Comhchordacht’

Sa chuid eile den alt seo tabharfaidh muid spléachadh ar na háiseanna atá ar fáil ar na leathanach torthaí cuardaigh.

Amlíne

I gCorpas Monatóireachta na Gaeilge, tá amlíne le feiceáil ag barr an leathanaigh a thaispeánann cén dáileadh atá ar na torthaí ó bhliain go bliain.

Amlíne

Is féidir cliceáil ar bhliain faoi leith chun na torthaí cuardaigh a theorannú go dtí an bhliain sin. Chun an teorannú a bhaint, is leor cliceáil ar an bhliain chéanna arís.

Is i gCorpas Monatóireachta na Gaeilge amháin atá an t-amlíne ar fáil, toisc gurb é sprioc an chorpais sin forbairt na teanga ó bhliain go bliain a rianú. Níl a leithéid ar fáil sna corpais eile.

Abairtí gonta chun tosaigh

Má tá níos mó ná deich dtoradh ar an gcuardach, tá ticbhosca dar teideal Abairtí gonta chun tosaigh ar fáil ag barr an liosta torthaí cuardaigh. Má tá tic sa bhosca sin, faightear abairtí ag barr an liosta a gceapann an t-algartam cuardaigh go bhfuil siad “gonta”. Abairtí gonta, sin abairtí atá réasúnta gearr, nach bhfuil ach gnáthfhocail shimplí iontu, nach bhfuil uimhreacha ná poncaíocht neamhghnách iontu, agus mar sin de. Scórálann an t-algartam na habairtí de réir na gcritéar seo agus cuireann sé na cinn is airde scór chun tosaigh sa liosta.

Má bhaineann tú tic den bhosca sin, gheobhaidh tú na torthaí in ord randamach, beag beann ar a ngontacht.

Rogha randamach

Bealach eile chun dul i ngleic le liosta fada torthaí is ea an ticbhosca Rogha randamach. Má chuireann tú tic sa bhosca sin, gheobhaidh tú 40 abairt atá roghnaihe go randamach as measc na dtorthaí uile. Is féidir cliceáil ar an gcnaipe Athlódáil in aice leis chun baisce eile de 40 ceann a fháil.

Torthaí a scagadh de réir ranna cainte

Má tá cuardach déanta agat ar fhocal a bhfuil níos mó ná roinn chainte amháin ag baint leis, feicfidh tú roghanna faoin mbosca cuardaigh chun na torthai cuardaigh a theorannú do roinn chainte faoi leith.

Scagaire ranna cainte

SAMPLAÍ

  • dún – ainmfhocal (‘foirgneamh’) nó briathar (‘druid’)
  • inis – ainmfhocal (‘oileán’) nó briathar (‘abair’)
  • ár – foirceann sealbhach (m.sh. “ár dteach'”) nó ainmfhocal (m.sh. “páirc an áir'”)
  • beag – aidiacht (m.sh. “teach beag'”) nó ainmfhocal (i bhfrásaí ar nós ”a bheag nó a mhór”)

Tá an áis seo bunaithe ar chlibeáil gramadaí a rinneadh ar na focail sna corpais. Rinneadh an chlibeáil sin le ríomhchlár uathoibríoch, mar sin ní gá go bhfuil sé 100% ceart i gcónaí. Tarlóidh sé uaireanta go bhfeicfidh tú focail anseo atá rangaithe faoin roinn chainte mhícheart, agus níl neart air sin.

Roghanna eile scagtha

Tá breis roghanna ar fáil i bpainéal a fheictear ar thaobh na láimhe deise ar an scáileán (más sa leagan amach Comhchordachtaí nó scáileán cúng atá tú, is gá an painéal a oscailt ar dtús ach cliceáil air).

Painéal ar thaobh na láimhe deise

Tá an painéal seo ar fáil má tá níos mó ná deich dtoradh ar an gcuardach, agus tugann sé roghanna éagsula ar fáil duit chun an liosta torthai a theorannú. Tá trí rannóg sa phainéal sin:

  1. Airíonna na bhfocal. Tugann an rannóg seo léargas staitistiúil ar na focail a fhreagraíonn do do chuardach: cé iad na foirmeacha atá orthu, cé iad na leamaí a fhreagraíon siad dóibh, cé iad na clibeanna gramadaí a bhaineann leo. Chun tuilleadh eolais a fáil ar na rudaí seo, léigh an t-alt Focail, leamaí agus clibeana.

  2. Comhlogaíochtaí. Sa rannóg seo tá eolas le fáil maidir leis na focail eile a fhaightear in aice na bhfocal a fhreagraíonn do do chuardach: is é sin le rá, eolas faoi chomhlogaíochtaí na bhfocal. Tá tuilleadh eolais faoin ábhar le fáil san alt Comhlogaíochtaí.

  3. Meiteashonraí. Sna corpais ar fad ar an suíomh seo, baineann meiteashonraí eagsúla leis na téacsanna a insíonn cén cineál téacs é (alt nuachtáin, clár ráidió, blagphostáil...), cén seánra lena mbaineann sé (nuacht, tuairimíocht, saothar ficsin...), cé acu téacs scríofa nó téacs labhartha atá ann, agus eile. Is féidir eolas staitistiúil a fháil ar mheiteashonraí dá leithéid sa rannóg seo den phaineál, agus na torthaí cuardaigh a scagadh dá réir: mar shampla, an liosta a theorannú go shaothair fhicsinn amháin, nó téascanna reachtaíochta a chur as áireamh sa liosta.

Áiseanna in aice le gach toradh cuardaigh

Tá trí chnaipe inchliceáilte ar fáil in aice le gach toradh cuardaigh ar an liosta.

  1. Meiteashonraí. Is féidir cliceáil ar an gcnaipe seo chun léargas a fháil ar na meiteashonraí a bhaineann leis an téacs as ar tógadh an abairt seo: ainm an údar, teideal an tsaothair, seánra, foilsitheoir agus eile. Uaireanta, más téacs é atá ar fáil ina iomláine in áit eile ar an idirlíon, tá URL ar fáil fiú ar féidir cliceáil air chun teacht ar an téacs iomlán.

  2. Comhthéacs leathan. Is féidir cliceáil ar an gcnaipe seo chun sliocht níos faide den téacs a fháil: suas go 75 focal roimhe agus i ndiaidh an fhocail a fhreagraíonn do do chuardach. Tá an teorainn seo (± 75 focal) ann toisc nach bhfuil cead, de bharr cúrsaí cóipchirt, níos mó ná sin d’aon téacs a thaispeáint ina iomláine.

  3. Cóipeáil. Bealach gasta é an cnaipe seo chun an abairt iomlán a chóipeáil go gearrthaisce do ríomhaire, mar a dhéanfadh Ctrl + C.

Meiteashonraí an doiciméid

Teorainneacha idir abairtí

Má tá tú sa leagan amach Comhchordacht, feicfidh tú go bhfuil teorainneacha idir abairtí marcáilte leis na siombailí <s> agus </s>:

Tá na marcálaithe seo in úsáid sna corpais ar fad ar an suíomh seo. Baintear leas astu sa leagan amach Abairtí freisin: sa leagan amach sin, ní thaispeantar ach an abairt ina bhfuil an focal (nó na focail) a fhreagraíonn do do chuardach.

Bealach eile a bhfuil na marcálaithe seo úsáideach is ea gur féidir cuardaigh ilfhoclacha a theorannú go torthaí atá taobh istigh d’abairt amháin. Teastaíonn taithí ar an teanga chuardaigh CQL chuige seo, agus tá tuilleadh eolais faoi sin ar fáil san alt Aithne a chur ar CQL.

Is le ríomhchlár uathoibríoch a cruthaíodh an mharcáil seo ar theorainneacha na n-abairtí, mar sin ní gá go bhfuil sé 100% cruinn i gcónaí: is féidir gur bhain an ríomhchlár míthuiscint uaireanta as poncaíocht, ag ceapadh gur poncaíocht deireadh abairte é nuair nach ea, nó a mhalairt – níl neart air sin.

Faisnéis focail

Má chliceálann tú ar fhocal ar bith sna torthaí cuardaigh, osclófar bosca bosca faisnéise focail.

Bosca faisnéise focail

Sa bhosca sin tá cuntas ar an eolas atá sa chorpas i dtaobh an fhocail áirithe sin: foirm an fhocail, leama an fhocail, agus clib gramadaí an fhocail, moide nasc chun brí na clibe a mhíniú. Chun an t-eolas seo a thuiscint, moltar duit an t-alt Focail, leamaí agus clibeanna a léamh.

Is féidir an bosca faisnéise focail a dhúnadh ach cliceáil ar na bhfocal arís.