Eolas Treoir don úsáideoir

Focail, leamaí agus clibeanna

Ó dhearcadh an chorpais, is sraith focal é gach doiciméd atá sa chorpas, agus baineann trí aitreabúid le gach focal:

  1. Foirm an fhocail mar a fheiceann an léitheoir é.
  2. Leama an fhocail, is é sin, bunfhoirm an fhocail gan infhilleadh agus gan claochlú tosaigh.
  3. Clib gramadaí an fhocail a insíonn cén roinn chainte atá san fhocal móide eolas gramadaí eile.

SAMPLA

Tá cúig fhocal san abairt “beidh freagra do cheiste agat” agus seo iad na haitreabúidí a bhaineann leo:

  1. Foirm: beidh
    Leama:
    Clib: Vmif

    • Míniú: briathar (Vm) táscach (i) san aimsir fháistineach (f)
  2. Foirm: freagra
    Leama: freagra
    Clib: Ncmsc

    • Míniú: ainmfhocal comónta (Nc) firinscneach (m) uatha (s) sa tuiseal ainmneach (c)
  3. Foirm: do
    Leama: do
    Clib: Dp2-s

    • Míniú: foirceann sealbhach (Dp) sa dara pearsa (2) uatha (s)
  4. Foirm: cheiste
    Leama: ceist
    Clib: Ncfsg

    • Míniú: ainmfhocal comónta (Nc) baininscneach (f) uatha (s) sa tuiseal ginideach (g)
  5. Foirm: agat
    Leama: ag
    Clib: Pr2-s

    • Míniú: forainm réamhfhoclach (Pr) sa dara pearsa (2) uatha (s)

Is féidir aitreabúidí gach focail sa chorpas a fheiceáil ach cliceáil air, rud a osclóidh an bosca faisnéise focal: beidh na haitreabúidí liostaithe ann. Chun an bosca a dhúnadh cliceáil ar an bhfocal céanna arís.

Leama an fhocail

Is é leama na fhocail ceann d’fhoirmeacha an fhocail a gceaptar gurb í an bhunfhoirm í. I gcás na n-ainmfhocal, mar shampla, áirítear an t-ainmneach uatha mar leama, agus i gcás na mbriathra is é an t-ordaitheach uatha a áirítear mar leama.

Cuidíonn coincheap an leama linn focail a aimsiú sa chorpas beag beann ar an fhoirm atá orthu. Ar an suíomh seo, má dhéanann tú cuardach leathan ar leama faoi leith, mar shampla crann, gheobhaidh tú gach focal a bhfuil an leama sin luaite leis: crainn, chrainn, gcrann agus, dar ndóigh, crann féin.

Is gá cuimhneamh gur le ríomhchlár uathoibríoch a rinneadh leamaí a shannadh do na focail sa chorpas, rud a fhágann nach gá go bhfuil an toradh 100% cruinn i gcónai. Uaireanta, feicfidh tú focail a bhfuil an leama mícheart luaite leo, agus níl neart air. Ceaptar, áfach, go bhfuil formhór mór de na leamaí sa chorpas ceart.

Clibeanna gramadaí

Sraith carachtair atá sa chlib gramadaí a insíonn cén roinn chainte atá san fhocal (ainmfhocal, briathar, aidiacht...) móide airíonna gramadaí eile.

Tosaíonn gach clib le litir mhór insíonn cén roinn chainte atá ann: N más ainmfhocal, V más briathar, A más aidiacht, agus eile. Na litreacha eile ina dhaidh sin, tugann siad breis eolais faoin fhocal: cén uimhir, cén aimsir, cén tuiseal, cén pearsa agus mar sin de.

SAMPLA: AINMFHOCAL

Seo an bealach chun clibeanna gramadaí na n-ainmfhocal a léamh. Bíonn suas le sé charachtar i gclib an ainmfocail.

  1. Sa chéad áit tá an litir N a thugann le fios gur ainmfhocal atá ann.

  2. Sa dara háit tá litir a insíonn cén cineál ainmfhocail atá ann: v más ainm briathartha, p más ainm dílis, agus eile. Formhór na n-ainmfhocal tá c acu anseo a sheasann do ainmfhocal comónta.

  3. Sa tríú háit tá inscne an t-ainmfhocal: f baininscneach nó m firinscneach.

  4. Sa cheathrú háit tá uimhir an ainmfhocail: s uatha nó p iolra.

  5. Sa chúigiú háit tá an tuiseal ina bhfuil amn t-ainmfhocal: c más ainmneach, g más ginideach, v más gairmeach, d más tabharthach.

  6. Sa séú háit, má tá an litir e anseo, insíonn sé sin gur ainmfhocal treisithe atá ann (mar shampla “mo theachsa”).

Anois, mar chleachtadh, cén cinéal ainmfhocail é Ncfsg? An bhfuil tú ábalta an chlib a “léamh” anois?

Tá córas seo na gclibeanna gramadaí bunaithe ar scéimre idirnáisiúnta a forbraíodh sna 1990í do theangacha Eorpacha faoi thionscadal PAROLE. Tugtar “Tacar Clibeanna PAROLE” ar an scéimre seo.

Córas é seo atá thar a bheith mionsonraithe, rud a fhágann nach éasca don duine na clibeanna a léamh agus a thuiscint. Chun é sin a éascú, tá feidhmhchlár dar teideal Léirmhínitheoir clibeanna gramadaí ar fáil ar an suíomh seo a chuirfidh ar do chumas clib gramadaí ar bith a “aistriú” go téarmaí a bheadh níos intuigthe don té a bhfuil taithí acu ar théarmaíocht gramadaí na Gaeilge.

Gach áit a dtaispeántar clib gramadaí ar an suíomh seo – an bosca faisnéise focail san áireamh – bíonn nasc chuig an Léirmhínitheoir in aice leis an gclib, mar bhealach gasta chun an chlib a mhíniú.