Eolas Treoir don úsáideoir

Conas cuardach a dhéanamh

Inneall cuardaigh atá sa suíomh seo a chuireann ar do chumas sleacha téacs a aimsiú sna ceithre chorpas: CNG, CMG, CGS agus CGL.

I ngach corpas, tá rogha idir cuardach simplí agus cuardach casta. Is leis an gcuardach simplí a bheidh muid ag plé san alt seo.

Is féidir idir focail aonair agus frásaí ilfhoclacha a chuardach. Má chuardaíonn tú focal aonair, mar shampla oileáninniu nó focal ar bith eile, gheobhaidh tú sleachta ón gcorpas a bhfuil an focal sin iontu. Má scríobhann tú níos mó ná focal amháin sa bhosca cuardaigh, gheobhaidh tú sleachta ina bhfuil gach ceann de na focail sin, iad in aice a chéile agus san ord inar scríobh tú iad.

SAMPLA

Ní ionann uachtar reoite agus reoite uachtar, gheofá torthaí difriúla orthu.

Tá cnaipe roghanna cuardaigh ar fáil in aice leis an mbosca cuardaigh. Míneofar sa chuid eile den alt seo cad is brí leis na roghanna sin.

Roghanna cuardaigh

Cuardach leathan agus cuardach cúng

Má roghnaíonn tú an cuardach leathan, gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil an focal atá sa bhosca cuardaigh nó foirm ar bith den fhocal sin.

SAMPLA

Má chuardaíonn tú cáca, gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil cáca, cháca, cácaígcácaí: is é sin, foirm ar bith infhillte agus/nó claochlaithe den fhocal sin.

SAMPLA

Má chuardaíonn tú cuir, gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil foirm ar bith den fhocal sin: cuir, cuireann, chuir, cuirfidh, gcuirfidh agus eile.

Tá an rud céanna i gceist más cuardach ilfhoclach atá á dhéanamh agat, is é sin, má scríobhann tú níos mó ná focal amháin sa bhosca cuardaigh: gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil na focail sin nó foirmeacha ar bith díobh.

SAMPLA

Má chuardaíonn tú cuir ceist, gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil foirm ar bith den fhocal cuir (chuir, gcuirfear...) agus foirm ar bith den fhocal ceist (ceiste gceisteanna...).

Más maith leat nach gcuirfí foirmeacha den fhocal san áireamh sa chuardach, roghnaigh an cuardach cúng.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach cúng ar cuir ceist, ní bhfaighidh tú ach torthaí ina bhfuil an fhoirm cuir agus an fhoirm ceist, agus iad sin amháin. Ní bhfaighidh tú torthaí ina bhfuil foirmeacha eile de na focail sin.

Chun leas a bhaint as an chuardach leathan, ní mór duit bunfhoirm an fhocail (= an leama, i dtéarmaí teicniúla) a scríobh isteach: an t-ainmneach uatha más ainmhocal, an fhoirm ordaitheach uatha más briathar, agus mar sin de. Chun tuilleadh tuisceanna a fháil ar an difríocht idir leama an fhocail agus foirmeacha eile, léigh an t-alt Focail, leamaí agus clibeanna.

Má chuardaíonn tú foirm éigin eile seachas an bhunfhoirm, ní bhfaighidh tú ach torthaí ina bhfuil an fhoirm áirithe sin, fiú más cuardach leathan atá roghnaithe agat. Sa chás sin, níl aon difríocht idir cuardach leathan agus cuardach cúng.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach leathan ar osclaíonn, gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil an fhoirm osclaíonn, agus í sin amháin. Ní bhfaighidh tú torthaí le foirm ar bith eile den bhriathar oscail toisc nach é osclaíonn bunfhoirm (= “leama”) den briathar sin.

Fad idir na focail

Má tá frása ilfhoclach á chuardach agat, gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil na focail sin (san ord céanna inar scríobh tú iad), ach ní gá go mbeidh siad buailte ar a chéile: b’fhéidir go mbeidh focail eile eatarthu.

SAMPLA

Má chuardaíonn tú an frása mór le rá, gheobhaidh tu torthaí a bhfuil leithéidí mór atá le rá agus mór an rud le rá ina measc.

Tá rogha ar fáil faoin gcnaipe roghanna cuardaigh a chuireann ar do chumas a rá go sonrach cá bhféad focal atá ceadaithe idir gach péire, idir náid (is ionann sin agus na focail a bheith buailte ar a chéile) agus deich.

SAMPLA

Más maith leat na focail mór le rá a chuardach gan aon fhocail eile a bheith eatarthu, athraigh an fad idir na focail go náid.

Cuardach cásíogair

Is neamh-chásíogair a bhíonn na cuardaigh ar an suíomh seo: is é sin le rá, ní thugann an t-inneall cuardaigh aon aird ar chás na litreach.

SAMPLA

Má chuardaíonn tú baile (le túslitir bheag), gheobhaidh tú torthaí ina bhfuil idir baile (le túslitir bheag) agus Baile (le túslitir mhór). Tá an rud céanna fíor má chuardaíonn tú Baile (le túslitir mhór): gheobhaidh tú na torthaí céanna san dá chás.

Más maith leat cuardach cásíogair a dhéanamh, déan an rogha sin faoin gcnaipe roghanna cuardaigh. Má dhéanann tú sin, ní thabharfaidh an t-inneall cuardaigh ach torthaí a fhreagraíonn go cruinn do chás na litreacha mar a scríobh tú féin iad.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach cásíogar ar baile (le túslitir bheag), ní bhfaighidh tú ach torthaí ina bhfuil baile le túslitir bheag. Is bealach gasta é seo (bíodh gur míchruinn) chun logainmneacha agus ainmneacha dílse eile a chur as áireamh.

Sloinn rialta sa chuardach

Sa bhreis ar gach rud eile, is féidir siombailí speisialta ar a dtugtar sloinn rialta a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh. Cuideoidh na siombailí seo leat focail a aimsiú a fhreagraíonn do phatrúin áirithe.

Siombail amháin atá úsáideach is ea an lánstad . a sheasann do charachtar ar bith.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach ar ma., aimseoidh tú focail a bhfuil trí charachtar iontu:

  1. ar dtús, m
  2. ina dhiaidh sin, a
  3. agus ar deireadh, carachtar ar bith

Torthaí: mac, mag, mar

Siombail eile atá úsáideach is ea an comhartha ceiste ? a chuireann in iúl go bhfuil an carachtar roimpi roghnach.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach ar ch?eist, aimseoidh tú focail ina bhfuil:

  1. ar dtús, c
  2. ina dhiaidh sin, go roghnach, h
  3. agus ar deireadh, eist

Torthaí: ceist agus cheist

Siombail eile fós atá úsáideach freisin is ea an réiltín * a sheasann do líon ar bith den charachtar roimhe.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach ar geal*ta, aimseoidh tú focail ina bhfuil:

  1. ar dtús, gea
  2. ina dhiaidh sin, líon ar bith (náid san áireamh) de l
  3. agus ar deireadh, ta

Torthaí: geata, gealta, geallta

Is féidir an dá shiombail seo, an lánstad agus an réiltín, a chur le chéile .*, rud a sheasann do líon ar bith de charachtar ar bith.

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach ar ceist.*, aimseoidh tú focail ina bhfuil:

  1. ar dtús, ceist
  2. agus ar deireadh, líon ar bith (náid san áireamh) de charachtar ar bith

Torthaí: ceist, ceiste, ceisteanna, ceistneoir agus eile

SAMPLA

Má dhéanann tú cuardach ar .*each, aimseoidh tú focail ina bhfuil:

  1. ar dtús, líon ar bith (náid san áireamh) de charachtar ar bith
  2. agus ar deireadh, each

Torthaí: each, beach, isteach, digiteach

Níl sa mhéid seo ach blaiseadh den mhéid is féidir a dhéanamh le sloinn rialta. Chun tuilleadh a fhoghlaim, léigh an t-alt Sloinn rialta sa chuardach.

An chéad chéim eile

Leis seo, tá achoimre faighte agat ar an dóigh a n-oibríonn an cuardach simplí. Mura leor duit é seo agus más mian leat cuardaigh a dhéanamh nach féidir a chur in iúl leis na háiseanna a chuireann an cuardach simplí duit, beidh ort dul i muinín an chuardaigh chasta.

Sa chuardach casta, is féidir cuardaigh chumhachtacha a dhéanamh ach na critéir chuardaigh a scríobh i nodaireach speisialta ar a dtugtar CQL. Chun tuilleadh eolais a fháil air sin, léigh an t-alt Aithne a chur ar CQL.