Nuair a tharlaíonn sé go mbíonn dhá fhocal faoi leith ag seasamh gar dá chéile sa teanga go minic, deirtear gur comhlogaíocht é sin.
SAMPLAÍ
Briathra agus a gcuid réamhfhocal. San áit a bhfuil an briathar
abair
, is minic a bhíonn an réamhfhocalle
áit éigin gar dó (toisc gur le daoine a deirtear rudaí).Ainmfhocal agus a gcuid briathra. San áit a bhfuil an t-ainmfhocal
ceist
, is minic a bhíonn briathra ar nóscuir
,freagair
agus mar sin de i gcóngar dó.Frásaí reoite. Nuair a fheiceanmn muid an aidiacht
mór
sa téacs, tá dóchúlacht nach beag ann go mbeidh na focaille rá
díreach ina dhiaidh, toisc gur frása coitianta é mór le rá.
Tá rannóg dar teideal Comhlogaíochtaí ar fáil sa phainéal liath ar thaobh na láimhse deise ar an leathanach torthaí cuardaigh. Is ann is féidir féachaint cad iad na focail a bhíonn go minic in aice leis an fhocal a chuardaigh tú.
Baintear an t-eolas seo as “fuinneog” áirithe d’fhocail roimhe agus ina dhiaidh. Is féidir leat leithne na fuinneoige sin (is é sin, an lion focal roimhe agus ina dhiaidh) a athrú.
Is féidir an liosta a athrú idir liosta na leamaí agus liosta na bhfoirmeacha. Mura bhfuil tú cinnte cén difríocht idir foirm agus leama, léigh an t-alt Focail, leamaí agus clibeanna.
Má chliceálann tú ar cheann ar bith de na comhlogaíochtaí, teorannófar liosta go torthaí a bhfuil an chomhlogaíocht iontu.
Is féidir an liosta comhlogaíochtaí a ordú de réir dhá chritéir: láidreacht agus minicíocht.
Láidreacht: Insíonn sé seo cé chomh “láidir” is atá an chomhlogaíocht. Ríomhtar láidreacht na comhlogaíochta le halgartam a chuireann dhá rud sa mheá: (1) cé chomh minic is a thagann na focail le chéile sa chorpas, agus (2) cé chomh coitianta is atá gach ceann de na focail sin sa chorpas go neamhspeách ar an bhfocal eile.
Minicíocht: Insíonn sé seo cé chomh minic is a thagann an dá fhocal seo le chéile sa chorpas, ach ní chuireann sé aon rud eile sa mheá. Fágann sé seo go dtugann sé seo tús áite d’fhocail atá an-choitianta sa teanga trí chéile fiú mura bhfuil aon bhaint faoi leith acu leis an fhocal eile, mar shampla an t-alt an.
An chuid is mó den am, is é an chéad cheann, láidreacht, a thabharfaidh léargas níos úsáidí duit, toisc go scagann sé amach na focail atá an-choitianta sa teanga.