Eolas Treoir don sárúsáideoir

Sloinn rialta sa chuardach

Is ionann slonn rialta agus teaghrán téacs a insíonn cén patrún a chaithfidh focal sa chorpas a chomhlíonadh go n-aimseofaí é mar thoradh ar an gcuardach. Úsáidtear sloinn rialta in dhá áit ar an suímh seo: sa chuardach simplí agus sa chuardach casta (CQL). Tabharfaidh an t-alt seo t-eolas ar fad duit chun an leas is fearr a bhaint as sloinn rialta sa dá háit sin.

SAMPLA

Sá dá chás, aimseoidh sé seo focail dar tús ceist, gceistcheist.

Is meascán é gach slonn rialta de gnáthcharachtar (a, b, c...) agus carachtar speisialta a bhfuil feidhm faoi leith acu (*, ?, |...). Sa chuid eile den alt seo, míneofar gach ceann de na carachtair speisialta seo agus an fheidhm atá acu.

Carachtar ar bith: .

Seasann an lánstad do charachtar ar bith. Is féidir an lánstad a úsáid más cuma leat cén carachtar atá san áit sin san fhocal atá á lorg agat.

SAMPLAÍ

  • ma.
    Aimseofar mac, mar, mag agus eile.

  • .éar
    Aismeofar béar, géar, féar agus eile.

  • ma..acht
    Aimseofar mallacht, maslacht, marfacht agus eile.

Rogha carachtar: [...]

Má chuireann tú liosta carachtar idir lúibíní cearnacha, is ionann é sin agus rá: bíodh ceann de na carachtair seo san áit seo.

SAMPLAÍ

  • ma[cr]
    Aimseofar mac agus mar ach ní aimseofar mag.

  • [bg]éar
    Aimseofar béar agus géar ach ní aimseofar féar.

  • ma[ls].acht
    Aimseofar mallacht agus maslacht ach ní aimseofar marfacht.

Rogha diúltach: [^...]

Má chuireann tú an tsiombail ^ ag an tús sna lúibíní cearnacha, is ionann é sin agus a rá: bíodh carachtar ar bith anseo seachas na cinn seo.

SAMPLAÍ

  • ma[^cr]
    Aimseofar mag agus eile, ní aimseofar macmar.

  • [^bg]éar
    Aimseofar féar agus eile, ní aimseofar béargéar.

  • ma[^ls].acht
    Aimseofar marfacht agus eile, ní aimseofar mallachtmaslacht.

Is minic nach bhfuil idir na lúibíní ach carachtar amháin. Sa chás sin is féidir é a thuiscint mar: bíodh carachtar ar bith anseo seachas an ceann seo.

SAMPLA

  • [^f]éar
    Aimseofar béar agus géar ach ní aimseofar féar.

Rogha idir dhá theaghrán: |

Má chuireann an tsiombail seo idir dhá fhocal, is ionann é sin agus a rá: tá mé ag lorg ceann ar bith de na focail seo.

SAMPLA

Bíonn a leithéid úsáideach sa chuardach ilfhoclach.

SAMPLA

Is féidir an tsiombail chéanna a chur idir dhá chuid den fhocail freisin (seachas idir dhá fhocal iomlána), agus an t-iomlámn a thimpeallú le lúibíní cuara.

SAMPLA

Carachtar roghnach: ?

Má chuireann tú comhartha ceiste ? i ndiaidh carachrar, is ionann sin agus a rá go bhfuil an carachtar sin roghnach.

SAMPLAÍ

Má chuireann tú sraith carachtar idir lúibíní cuara agus comhartah ceiste ina dhiaidh, ciallaíonn sé sin go bhfuil an tsraith iomlán roghnach.

SAMPLA

Taobh istigh den tsraith carachtar atá idir lúibíní, is féidir an tsiombail | a úsáid chun rogha a chur in iúl.

SAMPLA

Líon ar bith den charachtar: *

Má chuireann tú réaltín * i ndiaidh carachrar, is ionann sin agus a rá gur féidir líon ar bith (náid san áireamh) den charachtar sin a bheith ann.

SAMPLA

  • ab*c
    D’aimseofaí ac, abc, abbc, abbbc...

Má chuireann tú an réaltín i ndiaidh sraith carachtar atá idir lúibíní, tá tú ag rá gu féidir líon ar bith (náid san áireamh) tsraith sin a bheith ann.

SAMPLA

  • a(bc)*d
    D’aimseofaí ad, abcd, abcbcd, abcbcbcd...

Is minic a chuirtear an réaltín i ndiaidh grúpa i lúibíní cearnacha [...]. Sa chás sin, ciallaíonn sé: sraith ar bith de na carachtair seo.

SAMPLA

  • a[bcd]*e
    D’aimseofaí ae, abe, acde, accbbbcbe...

Is féidir an réaltín a chur i ndiaidh grúpa [^...] chomh maith. Sa chás sin, ciallaíonn sé: bíodh sraith ar bith de charachtair ar bith seachas na cinn seo.

SAMPLA

  • a[^bcd]*e
    D’aimseofaí ae, afe, aghe, ajhgtggtfge...

Is minic a chuirtear an réaltín i ndiaidh an lánstad .. Sa chás sin, ciallaíonn sé: líon ar bith de carachtair a bith.

SAMPLA

  • a.*b
    D’aimseofaí ab, ahb, afgb, adhfsjb...

Carachtar amháin nó breis: +

Má chuireann tú an comhartha móide + in áit an réaltin, beidh ciall beagáinín éagsúil leis. San áit a gciallaíonn an réaltín “líon ar bith carachtar, náid san áireamh”, ciallaíonn an móide “líon ar bith, ceann amháin ar a laghad”.

SAMPLAÍ

  • ab+c
    D’aimseofaí abc, abbc, abbbc... ach ní aimseofaí ac.

  • a(bc)+d
    D’aimseofaí abcd, abcbcd, abcbcbcd... ach ní aimseofaí ad.

  • a[bcd]+e
    D’aimseofaí abe, acde, accbbbcbe... ach ní aimseofaí ae.

  • a[^bcd]+e
    D’aimseofaí afe, aghe, ajhgtggtfge... ach ní aimseofaí ae.

  • a.+b
    D’aimseofaí ahb, afgb, adhfsjb... ach ní aimseofaí ab.

Éalú na gcarachtar

Sna corpais ar an suíomh seo, caitear le comharthaí poncaíochta (lánstadanna, comharthaí ceiste agus eile) mar a bheadh focail iontu, rud a fhágann gur féidir iad a aimsiú sa chuardach. Tá clibeanna gramadaí acu a dtosaíonn le F, agus is é an tsiombail poncaíochta féin luach a haitreabúide word.

SAMPLA

Is féidir gach foirm den fhocal maith a bhfuil comhartha uaillbhreasa ina dhiaidh a aimsiú leis an iarratas seo CQL:

[lemma="maith"] [word="!"]

Má tá tú ag iarraidh cuardach a dhéanamh ar cheann na siombailí poncaíochta a bhfuil feidhm speisialta acu sna sloinn rialta – is é sin: . ? agus eile – caithfidh tú na siombailí a éalú le cúlslais \ ar dtús.

SAMPLA

Má tú ag iarraidh gach foirm den fhocal maith a aimsiú a bhfuil lánstad ina dhaidh, ná déan mar seo é, toisc go gciallaíonn sé seo: an focal maith agus focal ar bith eile ina dhiaidh a bhfuil carachtar amháin ar bith ann:

[lemma="maith"] [word="."]

Chun cuardach a dhéanamh ar an lánstad, is gá é a éalú le cúlslais. Cuireann an cúlslais in iúl don inneall cuardaigh go go gcaithfidh sé cébé carachtar ina dhiaidh a thuiscint go litriúil seachas mar shiombail speisialta:

[lemma="maith"] [word="\."]