Eolas Faoin suíomh seo

Corpas Monatóireachta na Gaeilge

Is éard atá i gCorpas Monatóireachta na Gaeilge (CMG) ná milliún focal in aghaidh na bliana ón tréimhse 2000–2024. Tiomsaíodh an milliún focal in aghaidh na bliana as seánraí inar foilsíodh ábhar Gaeilge chuile bhliain i gcaitheamh na tréimhse e.g. ábhar nuachta, litríocht, agus reachtaíocht. Fágann sé seo go bhfuil 25 milliún focal sa leagan reatha de CMG. Cuirfear milliún focal breise leis in 2025.

Cuireann CMG ar ár gcumas athruithe in úsáid agus i stór focal na teanga a aithint agus a scrúdú. Is féidir, mar shampla, cén bhliain inar úsáideadh focail áirithe den chéad uair a fheiceáil dála 'Breatimeacht' agus 'podchraoladh'. Nó is féidir an borradh nó an maolú atá tar éis teacht ar úsáid focal agus frásaí áirithe thar an tréimhse a rianú, e.g. 'tithíocht', 'cúlú eacnamaíochta'. Bíonn amlíne le feiceáil os cionn liosta na dtorthaí a léiríonn minicíocht an fhocail nó an fhrása ó bhliain go bliain ó 2000 i leith.

Gineadh CMG ó Chorpas Náisiúnta na Gaeilge ar an mbealach seo a leanas: