Eolas Faoin suíomh seo

Corpas na Gaeilge Scríofa

Is corpas den Ghaeilge scríofa amháin é Corpas na Gaeilge Scríofa (CGS) a bhfuil 131 milliún focal ann. Oirfidh CGS don té atá ag iarraidh téacsanna scríofa a scrúdú a bhfuil eagar curtha orthu. Go hiondúil, bíonn téacsanna den sórt sin níos caighdeánaí ná sonraí scríofa níos neamhfhoirmiúla amhail postálacha ar na meáin shóisialta, ábhar atá le fáil go flúirseach i gCorpas Náisiúnta na Gaeilge.

Meastar go mbeidh an corpas seo níos úsáidí don fhoghlaimeoir tosaigh nó don té a atá ag scríobh nó ag aistriú de réir an Chaighdeáin Oifigiúil agus atá ag iarraidh an dóigh a n-úsáidtear focal nó frása áirithe a sheiceáil.

Tagann an corpas seo i gcomharbacht ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha a bhí bunaithe ar na prionsabail chéanna agus a raibh líon ard úsáideoirí dílse aige. Ní miste a lua go bhfuil téacsanna aistrithe san áireamh in CGS, rud nach raibh i gceist le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha.

Is corpas neamhchothromaithe é CGS agus beifear ag cur leis gach bliain lena choinneáil cothrom le dáta.