Eolas Faoin suíomh seo

Corpas na Gaeilge Labhartha

Is corpas den teanga labhartha amháin é Corpas na Gaeilge Labhartha (CGL) a bhfuil 9 milliún focal ann. Tá dhá chineál téacs ann – tras-scríbhinní ar ábhar urlabhra (e.g. cláir raidió ó RnaG, agallaimh bhéaloidis) agus téacsanna a scríobhadh lena léamh os ard (e.g. scripteanna teilifíse, amhráin, paidreacha).

Táthar ag súil go mbeidh na sonraí seo úsáideach don fhoghlaimeoir oilte, don fhoclóirí agus don teangeolaí. Is corpas neamhchothromaithe é CLG agus cuirfear tuilleadh ábhair labhartha leis amach anseo.